Sampla de chomhrá foghlama ag geoshuíomh

Níl sé éasca comhráite foghlama a threorú, agus glacann sé taithí fios a bheith agat cathain is ceart ceisteanna a chur, cathain is ceart eolas a chur ar fáil agus cathain is féidir am agus spás a thabhairt do na páistí smaoineamh agus iniúchadh a dhéanamh. An rud is tábhachtaí ná na páistí a spreagadh i leith na foghlama agus a spéis a choinneáil. Sa chomhrá samplach seo, feicfidh tú iarrachtaí rathúla agus iarrachtaí nach bhfuil chomh rathúil sin chun comhrá foghlama a spreagadh. Ar ndóigh, nuair a bhíonn rang iomlán daltaí agat, beidh ar na grúpaí plé agus iniúchadh a dhéanamh ina n-aonar, gan múinteoir a bheith i gceannas orthu, a mbeadh sraith ceisteanna agus tascanna ullmhaithe roimh ré ag teastáil uathu. Léigh tuilleadh faoi conas comhráite foghlama grúpa faoi stiúir na ndaltaí a eagrú anseo (nasc chuig Comhráite foghlama faoi stiúir na ndaltaí – Trealamh taiscéalaíochta grúpa geolaíochta).

Sa chomhrá samplach seo, tá an Geolaí Benjamin Thébaudeau (Ben) agus triúr buachaillí óga, (Ulysse, Chris agus Tommy, iad ar fad 10 mbliana d’aois) amuigh ag féachaint thart ar cheantar pábhála aolchloiche san Fhairche in iarthar na hÉireann, ar chladach Loch Measca. Tá an ceantar ar cheann de phríomh-gheoshuíomhanna Gheopháirc Dhúiche Sheoigheach & Lochanna an Iarthair mar go dtaispeánann sé blocshruth a fágadh tar éis na hOighearaoise deireanaí agus roinnt gnéithe eipeacarst ar dhromchla na buncharraige aolchloiche. Níor taifeadadh cuid de na gnéithe seo, atá le feiceáil mar phoill de chruthanna agus de mhéideanna éagsúla, ach amháin sa cheantar seo. Tá an suíomh scoite amach ag na coillte atá thart air agus ag cladach an locha, agus ligeann sé do choincheap na ngnáthóg agus idirghníomhú daonna leis an tírdhreach a thabhairt isteach.

Físeán 1 – Réamheolas faoin suíomh

Agus iad ag druidim leis an suíomh, is é an chéad rud a dhéanann Ben ná ceist a chur ar na buachaillí cad a cheapann siad faoin áit. Agus tú ag breathnú ar an bhfíseán, déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cad a tharlódh, dar leat, dá dtosódh Ben ag insint fíricí do na buachaillí faoin áit in ionad cuireadh a thabhairt dóibh a bheith ag tuairimíocht?
  • Cén fáth a gcuireann sé an cheist seo?
  • Cén cineál freagra a fhaigheann sé ó na buachaillí?

Faigheann Ben freagraí meastóireachta, cad atá go deas agus cad nach bhfuil go deas, ach freisin déanann na buachaillí cur síos trí úsáid a bhaint as teanga eolaíoch (ciorcail fhoirfe) go pointe áirithe. Tá siad ag brionglóideach freisin faoi “neach mór le cosa cruinne a bhíodh ag siúl go trom ar fud an domhain”. D’fhéadfadh an chuid seo den chomhrá a chríochnú ansin, ach ina ionad sin iarrann Ben ar dhuine eile de na buachaillí (Chris) níos mó a chur leis an gcomhrá. Déanann Chris an-iontas den chaoi ar tháinig an áit seo le chéile agus léiríonn sé spéis níos mó a fháil amach.

Físeán 2 – Ag scrúdú an tírdhreacha

Sa chéad ghearrthóg eile, iarrann Ben ar na buachaillí cur síos a dhéanamh ar an bhfeiniméan a bhfuil siad ag déanamh staidéir air:

  • Cén éifeacht atá ag an gceist seo ar an bpróiseas rannpháirtíochta agus machnaimh, dar leat?
  • Cén cineál freagraí a fhaigheann sé?

Déanann na buachaillí cur síos ar an suíomh, agus feicimid go dtugann na buachaillí cineálacha éagsúla teoiricí faoi conas a d’fhéadfadh na poill a bheith déanta. Tabhair faoi deara conas a úsáideann Ben am feithimh agus athrá, ag cabhrú leis na buachaillí focail a chur ar a gcuid smaointe, agus ag tarraingt gach duine isteach sa chomhrá. Ach ní thugtar aon mhíniú réasúnta ar a samhlaíocht, níl a fhios acu go leor chun a shamhlú mar is ceart conas a d’fhéadfadh an áit seo a bheith déanta. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh leibhéal spéise ar leith bainte amach acu ina bhfuil siad réidh chun eolas a fháil agus a phróiseáil.

Físeán 3 – Déanaimis eolaithe dínn féin

Tá roinnt eolais á chur ar fáil ag Ben anois, ach tá sé fós ag iarraidh na buachaillí a chur smaoineamh ar cad a d’fhéadfadh na carraigeacha seo a dhéanamh. Níl mórán dul chun cinn déanta ag na buachaillí, mar sin tosaíonn Ben ag stiúradh na mbuachaillí agus na freagraí níos réasúnta a roghnú leo. Dhá nóiméad isteach sa scannán, déanann Ben achoimre ar a bhfuil molta acu go dtí seo, agus an modh cainte athrá in úsáid aige. Cad a cheapann tú faoi éifeacht iarrachtaí Ben chun na páistí a tharraingt isteach sa ghearrthóg seo?

Ní fhaigheann Ben an toradh a bhí beartaithe aige leis an modh cainte. Sa chuid dheireanach den ghearrthóg, áfach, úsáideann Ben tagairt atá ar eolas ag na buachaillí, agus déanann sé iarracht eolas geolaíoch a nascadh le rud éigin óna «saol féin». Tarraingíonn sé aird ar shaintréithe gaineamhchloiche i bhfocail atá siad in ann a thuiscint, agus is féidir a rá go n-ardaíonn rannpháirtíocht na mbuachaillí nuair a tharlaíonn sé sin.

Físeán 4 – Saineolas a roinnt

Pléann siad lena chéile chun roinnt eolais a fháil ar screamh aoil. Baineann sé le leacht, agus seans go bhfuil sé le feiceáil sa bhaile, áit a bhféadfadh tú aigéad éigin a fháil chun fáil réidh leis. 30 soicind isteach, is léir go bhfuil eolas roimhe seo curtha i bhfeidhm, agus níl rud ar bith níos mó le samhlú ná le cuimhneamh air. Líonann Ben eolas isteach ansin. Féach ar an bhfíseán arís agus déan iarracht smaoineamh ar cad eile a d’fhéadfá a dhéanamh chun cabhrú leis na buachaillí iniúchadh a dhéanamh.

Ar thug tú faoi deara gur chuir Ben eolas ar fáil ach spreag sé na buachaillí freisin eolas a d’fhéadfadh a bheith ar eolas acu a líonadh isteach?

Gearrthóg 5 – Turgnamh le haigéad

Tugann Ben coincheap nua agus tástáil isteach anois chun nádúr na gcarraigeacha a iniúchadh; an difríocht idir aolchloch agus gaineamhchloch a fháil amach trí úsáid a bhaint as aigéad citreach. Tabhair faoi deara a dtarlaíonn ag 1:07

Ag 1:07, tosaíonn na daltaí ag caint lena chéile den chéad uair – tá an chuid eile den chomhrá cosúil le siar agus aniar idir an múinteoir agus duine de na daltaí, rud atá an-choitianta i bplé sa seomra ranga. Léiríonn taighde go mbíonn ionchur óna bpiaraí níos tábhachtaí do dhaltaí ná ionchur óna gcuid múinteoirí, agus is sprioc é san oideachas dialógach go mbeadh na páistí ag plé níos mó eatarthu féin. Níl againn anseo ach sampla gairid, ach déan iarracht smaoineamh ar conas is féidir leat plé na ndaltaí a éascú gan tacaíocht ón mhúinteoir.