
an Rómáin
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Buzău Land
Roinneann an Gheopháirc ár ngeo‑oidhreacht leat mar aoi agus linn atá ina gcónaí anseo. Fáilte romhat!
Faoin nGeopháirc
Is críoch chnocach shléibhtiúil í Geopháirc Dhomhanda UNESCO Buzău Land, a chlúdaíonn 1,036 km² agus atá suite i gCuaire Shléibhte Cairp sa Rómáin. Réigiún tuaithe is ea í, a raibh saibhreas inti go stairiúil agus ina bhfuil cónaí ar thart ar 40,000 cónaitheoir thar 18 mbardas anois. Tá formhór shráidbhailte agus ghráigeanna an réigiúin brúite le chéile i logáin nó cois gleannta, agus an chuid eile díobh scaipthe ar fhánaí nó ardchláir.
Tá difríocht breis agus 1,200 m in airde an limistéir, a théann ó ~120 m ag teorainn theas na críche go níos mó ná 1,360 m sa sciar thuaidh di. Is iad logáin a bhfuil cnoic dhroimneacha timpeall orthu atá mar shaintréithe an sciar theas, ach bíonn an tír-raon chnocach ag éirí níos sléibhtiúla sa limistéar thuaidh ina bhfuil gleannta níos doimhne cúinge agus aillte rite.
Agus í suite sa chumar idir trí phláta ilchríochacha, tá an Gheopháirc mar thaifead ar fhoirmiú Shléibhte Cairp. Cuntas ar stair gheolaíoch breis agus 40 milliún bliain atá inti, lena léirítear claochlú an tírdhreacha ó thimpeallacht domhainfharraige go cnoic agus sléibhte an lae inniu.
Stair
D’eascair coincheap Gheopháirc Dhomhanda UNESCO Thalamh Buzău in 2007 as straitéis forbartha i gcomhair limistéar tuaithe arb easnamhach a acmhainneacht thionsclaíoch ach a bhfuil líon a gheoshuíomhanna ar na rátaí is airde sa Rómáin. Ina measc, tá gnéithe suaithinseacha amhail bolcáin láibe, lasracha síoraí, cruinneacháin salainn, sil-leaganacha ómra, coincréitithe gaineamhchloiche agus tuilleadh eile nach iad. In 2010, ghlac na húdaráis áitiúla an tionscnamh mar straitéis réigiúnach. In 2013, tugadh foireann ildisciplíneach de shaineolaithe le chéile chun oibriú ar chur chun feidhme an tionscadail. In 2020, cuireadh iarratas oifigiúil na críche isteach ar stádas mar Gheopháirc UNESCO, rud a bronnadh in 2022 uirthi.
Léigh tuilleadh (nasc seachtrach)
Na Príomhthaitneamhachtaí

Cnoic an Ómra
25 milliún bliain ó shin, scuabadh crainn amach ón gcósta ar thonnta farraige réamhstairiúla. Chuaigh na crainn sin síos go dtí an mhá aibhéiseach, áit ar clúdaíodh le láib agus gaineamh iad. Le himeacht ama, clochraíodh an roisín a bhí greamaithe ar a gcoirt agus claochlaíodh ina ómra é. Scoilteadh na carraigeacha ina bpíosaí de bharr fhórsaí an domhain, d’ardaigh grinneall na farraige ina dhiaidh sin agus cruthaíodh cnoic agus sléibhte an lae inniu. Má fhéachann tú go grinn ar leapacha abhann Colți, d’fhéadfá roinnt de na clocha leathlómhara ildaite sin a aithint fós. Ina measc, tá an ómra ar dhath dearg na pomagránaite darb ainm “rómáinít”, nach bhfeictear in aon áit eile ar domhan.

Na Bolcáin Mhóra Láibe
Céard a déarfá le turas dreapadóireachta suas an bolcán láibe is mó san Eoraip? Cineál “sciathbholcáin” atá sna Bolcáin Mhóra Láibe, atá sínte thar limistéar mór fairsing agus a bhfuil cóin níos lú timpeall ar an bpríomhchón ina lár acu. Scairdeann láib agus gintear pléascanna (le réabadh na mbolgán gáis agus stealladh na láibe) as an na bolcáin atá beo go seasta, a mbíonn láibshreabha mar thoradh air sin. Tá an próiseas éagsúil leis an maighnéadas bolcánach, ach is geall lena bhfeictear i Haváí nó Stromboli na pléascanna, a tharlaíonn i bhfad níos annaimhe, áfach.

Na Cruinneacháin agus na Cainneoin Salainn
“Tír an tSalainn” go smior atá i dTalamh Buzău. An charraig bhán a sil-leagadh ar ghrinneall na farraige réamhstairiúla tráth, tá sí le feiceáil inniu mar chnoic atá ag ardú aníos ón dromchla. Is é Ardchlár Salainn Meledic an cruinneachán salainn is mó tóir agus is inrochtana sa limistéar. I measc a chuid radharc, tá líon mór pluaiseanna atá maisithe le haolchuisní agus criostail, gleannta doimhne atá gearrtha as carraig bhán agus iontais eile den scoth amhail dhá loch, anaclann dúlra, cainneon, fothrach caisleáin agus bailiúchán de dhealbha adhmaid faoin spéir. Meastar gurb é tírdhreach carstach an limistéir an ceann is casta sa Rómáin. I gceann de na pluaiseanna salainn, atá ar na samplaí is faide ar domhan, thángthas ar scata iontaisí a théann siar go dtí an oighearaois is déanaí.

Na Lasracha Síoraí
Is ar mhullach cnoic in aice leis an sráidbhaile Terca agus i ngleann domhain gar do Lopătari a fheictear na Lasracha Síoraí ag princeam. Eascraíonn na feiniméin nádúrtha sin as gáis a thagann aníos beagnach 3 km ón talamh agus a adhnann nuair a shroicheann siad an dromchla. Dála sorn nádúrtha, tá na lasracha sin ar lasadh leis na céadta blianta, agus iad fite fuaite i bhfinscéalta na háite faoi dhragain nó sprideanna.

Na Coincréitithe Gaineamhchloiche
12 mhilliún bliain ó shin, deilt réamhstairiúil ab ea an limistéar ina gcuimsítear Bozioru, Odăile agus Cozieni anois. Rinneadh cnoic an lae inniu de na gainimh a sil-leagadh as na haibhneacha fadó. Sna mílaoiseanna is déanaí, táthaíodh roinnt de na gainimh sin go nádúrtha trí insíothlú an uisce mhianraithe, a raibh sil-leagan stroighne ar mhórán cailciam mar thoradh air. Le creimeadh gaoithe agus báistí ó shin i leith, nochtadh cruthanna uathúla amhail sféir, sorcóirí agus bíseanna i gcoincréitithe gaineamhchloiche ar a dtugtar “na seanfhir agus na seanmhná” go traidisiúnta.

Limistéar Bolcánach Grunj ó Mânzălești
Ag tús chúlú na bhfarraigí réamhstairiúla agus fhoirmiú Shléibhte Cairp 14 mhilliún bliain ó shin, bhí tréanghníomhaíocht bholcánach ar bun sa tuaisceart. Líon pléasc amháin an spéir le luaithreamhán, arbh é a bhí ann ná criostail mhicreascópacha agus gloine mhagmach. Leis an ngaoth, iompraíodh an luaithreamhán thar an bhfarraige, luigh sé ar ghrinneall an uisce agus soladaíodh ina charraig é thar na milliúin blianta. Cruthaíodh speir bhán as an luaithreamhán bolcánach sin, a dtugtar an “Grunj” uirthi sa cheantar agus atá mar iarsma suaithinseach a mhaireann ón teagmhas sin.
Eolas Praiticiúil
Le teacht anseo
Tá Geopháirc Dhomhanda UNESCO Buzău Land suite go háisiúil gar do dhá mhórchathair a bhfuil aerfort in aice leo beirt: Bucharest agus Brașov. Taistealaíonn formhór na gcuairteoirí ó Bhúcairist trí Aerfort Idirnáisiúnta Otopeni. Níl an Gheopháirc ach 130 km uaidh sin, rud a chiallaíonn gur féidir í a bhaint amach i gcarr laistigh de 2 uair an chloig.
