
An Iorua
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Sunnhordland
Inár nGeopháirc, cuirtear ár ngeo-oidhreacht in iúl duitse mar chuairteoir agus dúinne mar chónaitheoirí. Fáilte!
Faoin nGeopháirc
Tá oileánra, fiordanna, sléibhte agus oighearshruthanna Sunnhordland mar gheolaíocht nochta lena léirítear cruthú na n-ilchríoch agus an leas a baineadh as acmhainní geolaíocha ár n-oileáin mar bhunchloch ár sochaithe. Tá tírdhreacha éagsúla agus aeráid an chreasa, ina bhfaightear foraoisí bóireacha buaircíneacha agus duillsiteacha araon, mar thaca faoi bhithéagsúlacht shaibhir na Geopháirce freisin.
Stair
Tá an-tóir ar limistéar Sunnhordland i gcomhair turais gheolaíochta agus seandálaíochta ó bhí na 1860idí ann, agus beocht á cur sna scéalta ilchineálacha mianadóireachta ann thar 10,000 bliain. I mí na Bealtaine 2023, bronnadh stádas mar Geopháirc Dhomhanda UNESCO do Sunnhordland, atá mar thagarmharc sa réigiún chun léargas a thabhairt do na glúnta atá le teacht maidir le foirmiú na n-ilchríoch agus an tionchar a bhí ag an mbuncharraig ar ár gcultúr. Rinne na gealltanais a tugadh leis an stádas sin an Gheopháirc a neartú mar uirlis turasóireachta inbhuanaithe freisin.
Na Príomhthaitneamhachtaí

AMFAITÉATAR MOSTER
Is éard atá ann seo ná an príomhionad cuartaíochta i nGeopháirc Dhomhanda UNESCO Sunnhordland, ina gcuimsítear marmar agus carst nochta, oighinn aolchloiche, roinnt taispeántas, bialann agus amfaitéatar faoin aer laistigh den mhianach tréigthe marmair. Lena chois sin, tá Amfaitéatar Moster mar bhealach isteach chun shean-Eaglais Moster, a tógadh as marmar, aolchloch agus cloch ghallúnaí áitiúil go luath in 1100.

MÚSAEM SUNNHORDLAND
Ár n-iarsmalann réigiúnach atá ann seo, ina gcaomhnaítear agus ina léirítear ár stair chultúrtha trí bhonneagar, uirlisí agus éadaí traidisiúnta. Is ansin a chuireann treoraithe oilte téamaí éagsúla i láthair i dtaispeántais bhuana agus shealadacha.

IONAD FOLGEFONN
San ionad nua-aimseartha taispeántais seo, tugtar tuiscint agus treoir maidir le himshruthú an uisce idir an t-oighearshruth agus an fiord, mar aon leis an mbithéagsúlacht shaibhir a forbraíodh sna tírdhreacha mórthaibhseacha. Is féidir teacht ar Pháirc Náisiúnta Folgefonna ón ionad, a bhfuil caifé teolaí ann freisin.

Citil an Fhathaigh RULLESTAD
Is ann do 20 nó 30 oighearmhuileann mór taibhseach 270-320 m os cionn leibhéal na mara, agus iad gearrtha sa dromchla rite as eibhear oighearshnasta Réamhchaimbriach le huisce ón oighearshruth Fion-Lochlannach, struchtúr a leáigh thar shamhradh amháin 11,300 bliain ó shin. Meastar an tsiúlóid mheán-/ard-deacrachta a bheith 3 uair an chloig ar fad.

OILEÁINÍN HESPRI
Foinse na dtuanna glaschloiche a úsáidtí in Vestlandet thar na 6,000 bliain den Chlochaois is ea seo, atá fós slán mar cheann de na mianaigh is sine ar domhan. Tá an t-oileáinín faoi chosaint dlí, ach is ceadmhach cur i dtír air. NB: D’fhéadfadh an aimsir agus na tonnta a bheith garbh agus níl aon ché ann le dul ar feistiú.

ROYRVIKESKAGET
Sa tírdhreach mórthaibhseach seo, síneann féitheacha agus dingeáin eibhir trí shiosta, marmar agus grianchloichít aníos ó sheomra magma pléascach atá 474 Ma faoi oileánra stuach bolcánach a bhuaileann le screamh ilchríochach ársa (ón Labhráis). Maireann an tsiúlóid éasca seo thart ar 2 uair an chloig i measc tírdhreach mór oscailte cois farraige.
Eolas Praiticiúil
Bíonn Amfaitéatar Moster ar oscailt don phobal gach lá, seachas an Luan, le linn an tsamhraidh ón 25 Meitheamh go dtí an 18 Lúnasa. Is féidir cuairteanna seachshéasúir a shocrú ach iad a iarraidh.
Guthán
Tuilleadh eolais (nasc seachtrach)
Bíonn Ionad Folgefonn ar oscailt don phobal gach lá idir 10:00 agus 18:00 ón 23 Márta go dtí an 6 Deireadh Fómhair. Bíonn sé ar oscailt ó Luan go hAoine le linn na coda eile den bhliain.
Tuilleadh eolais (nasc seachtrach)
Bíonn Iarsmalann Sunnhordland ar oscailt don phobal gach lá, seachas an Luan, ón 15 Meitheamh go dtí an 15 Lúnasa. Bíonn sé ar oscailt idir 11:00 agus 15:00 ó Mháirt go hAoine le linn na coda eile den bhliain. NB! Mar chuid den iarsmalann i réigiún Sunnhordland, tá roinnt clós (agus mainistir) a d’fhéadfadh a bheith ar oscailt le linn uaireanta eile.
Tuilleadh eolais (nasc seachtrach)
Féach léarscáil na Geopháirce le haghaidh eolais faoi shuíomh na dtaitneamhachtaí
