Geolaíocht
Déantar carraigeacha as mianraí, criostail sholadacha atá mar chruth nádúrtha na móilíní ar leith ag na coinníollacha brú agus teochta atá againn anseo. Mar shampla, is í an ghrianchloch SiO2. Is iad mianraí cealla carraigeacha.

Déantar carraigeacha a chruthú, a athrú nó a scriosadh i gcónaí tríd an rud ar a dtugaimid an timthriall carraigeacha. Cruthaíonn laibhe agus magma bruthcharraigeacha nuair a chruann siad agus iad ag fuarú. Déantar carraigeacha nochta a shíonchaitheamh agus bailíonn na píosaí atá briste síos, ar a dtugaimid dríodar, in áiteanna ar leith. Is féidir na píosaí dríodair seo a chur sa talamh ansin agus a dhéanamh ina gcarraigeacha dríodair. Faoi theas agus brú dian, is féidir le carraigeacha meiteamorfú (claochlú) go carraigeacha nua ar a dtugaimid carraigeacha meiteamorfacha. Agus is féidir leis na carraigeacha seo go léir leá ansin má bhrúitear anuas iad agus athrú ar ais go magma.

Tá dromchla ár bplainéid déanta as píosaí puzal ar a dtugaimid plátaí teicteonacha, a bhogann thar dhromchla ár bplainéid, uaireanta i dtreo a chéile agus uaireanta ar shiúl óna chéile. Tá an próiseas seo tar éis aigéan agus ilchríocha an Domhain a athdhearadh go rialta thar an bhfad ama a bhí ár bplainéad ann.

Tá an Domhan 4.6 billiún bliain d’aois; 4,600 milliún bliain d’aois. Níl daoine in ann an fad ama seo a thuiscint i ndáiríre. Ach táimid in ann stair ár bplainéid a athchruthú thar na mílte milliún bliain seo a bhuí le fianaise sna carraigeacha. Is féidir linn a thuiscint anois go ndearnadh ár sléibhte san áit a raibh na hilchríocha fadó fadó, conas a d’fhorbair an saol agus conas a d’athraigh aeráid ár bplainéid. Bí cinnte súil a chaitheamh ar ár n-uirlis amlíne dhigiteach chun stair ollmhór ár bplainéid a fhiosrú.