
an Iodáil
Geopháirc Dhomhanda UNESCO Tuscan Mining
Éicea-aistear stairiúil trí na mianaigh, an dúlra agus an nuálaíocht ghlas
Faoin nGeopháirc
Síneann Geopháirc Dhomhanda UNESCO Tuscan Mining, atá ar an taobh thuaidh de réigiún Maremma na Tuscáine, thar limistéar atá ag ardú aníos ón bhfarraige go cnoic na cúlchríche.
Tá críoch na Páirce mar thaisce gheo-éagsúlachta agus bhithéagsúlachta ina bhfaightear mósáic ilchineálach gnáthóg, ó dhumhcha agus cladaí carraigeacha Mhurascaill Follonica go bogaigh chósta limistéar Scarlino, sainfheiniméin thaibhseacha Biancane in Monterotondo Marirriamo, scrobarnach agus coillte cnocacha Gavorrano agus Massa Marittima mar aon le foshléibhte Cornate di Gerfalco, Poggio di Montieri agus Sassoforte nó Val di Farma maorga i gcríoch Roccastrada.
Bunaithe in 2002 ar ordú ón Aireacht Timpeallachta, cuimsíonn an suíomh 1,187 km² agus bhí críocha seacht mbardas mar chuid de ar dtús: Follonica, Scarlino, Gavorrano, Massa Marittima, Montieri, Monterotondo Marittimo agus Roccastrada.
In 2022, tarraingíodh críocha geoiteirmeacha Castelnuovo in Val di Cecina, Pomarance (i gcúige Pisa) agus Radicondoli (i gcúige Siena) isteach chun cur le Geopháirc Dhomhanda UNESCO Tuscan Mining.
Tá an Pháirc ag síneadh thar 118,700 heicteár ina gcuimsítear 34 suíomh mianadóireachta, 41 geoshuíomh, níos mó ná 250 mianrach agus carraig ar a ndearnadh suirbhéireacht agus atá mar léiriú ar stair gheolaíoch 300 milliún bliain, thart ar 19,000 heicteár de limistéir chosanta atá tiomanta don bhithéagsúlacht (mar atá, anaclanna dúlra, láithreáin Natura, bitóip agus bogach a ainmníodh faoi Choinbhinsiún Ramsar) mar aon le
139 ionad agus láithreáin inspéise ó thaobh staire, seandálaíochta agus tírdhreacha le cois na gcéadta ciliméadar de chonairí do choisithe, rothair agus capaill.
I ngach críoch bhardasach, tá ceann amháin nó níos mó de “Bhealaí Isteach chun na Páirce”. Is éard atá iontu ná ionaid fáiltithe, pointí eolais, ionaid doiciméadúcháin agus iarsmalanna inar féidir tabhairt faoi áirithintí nó teacht ar fhaisnéis faoi phleananna turais, turais threoraithe, ceardlanna oideachasúla, seimineáir, cúrsaí gairmoiliúna, eispéiris éiceathurasóireachta agus gníomhaíochtaí taighde i gcomhar le cuid mhór ollscoileanna idirnáisiúnta.
Stair
Stair gheolaíoch thar 300 milliún bliain agus gníomhaíochtaí mianadóireachta thar 5,000 bliain.
Téann geolaíocht ársa an limistéir siar 300 milliún bliain, agus é mar léiriú ar gheo-éagsúlacht dhochreidte na réanna, na dtreochtaí aeráide, na ngnáthóg agus na dtírdhreach a tháinig i ndiaidh a chéile ann. Chun cabhrú leis na rúin sin a nochtadh, tá uirlisí oideachasúla agus treoraithe gairmiúla ar fáil.
Tá daoine ag maireachtáil sa cheantar ó bhí tréimhse na réamhstaire ann, agus leas seasta á bhaint acu as saibhreas an domhain, is é sin, a gheo-acmhainní. Tá an limistéar mar thobar chun carraigeacha, mianraí, miotal agus acmhainní eile an domhain a shaothrú le beagnach 5,000 anuas, ón gCoparaois go deireadh na 1990idí. Bhain na daonraí réamhstairiúla, Éatrúscacha, Rómhánacha, meánaoiseacha agus de chuid na hAthbheochana – suas go dtí an 19ú haois agus an 20ú haois – tairbhe as na geo-acmhainní sin, a thacaigh le héabhlóid agus imeachtaí na sibhialtachtaí agus na gcultúr éagsúil agus a d’fhág a rianta orthu.
Tuilleadh eolais (nasc seachtrach)
Na Príomhthaitneamhachtaí

Ceanncheathrú Parco delle Colline Metallifere agus Teatro delle Rocce.
I measc thaitneamhachtaí an tsuímh, tá ceanncheathrú Parco delle Colline Metallifere i bhfoirgneamh álainn Chomhlacht Montecatini ina raibh na Bagnetti tráth; iarsmalann gheo-éagsúlachta agus mhianadóireachta GeoMet, atá mar thúsphointe na taiscéalaíochta i gcríoch ilghnéitheach na Páirce; Museo Minerario in Galleria, atá suite i rannóg den seanáiléar um stóráil pléascán i Mianach Gavorrano, áit ar féidir tumadh isteach go pearsanta i saol an mhianadóra; agus Teatro delle Rocce, amharclann álainn faoin aer inar féidir freastal ar léirithe ealaíonta agus ceolchoirmeacha laistigh de chairéal taibhseach aolchloiche.

Iarsmalann mhianadóireachta in áiléar barántúil
Tá an iarsmalann lonnaithe san áit a dtugtaí riservetta air tráth, a bhí ina áiléar mianadóireachta a úsáidtí mar stóras pléascán. Léirítear tréimhsí éagsúla an tsuímh mianadóireachta, na teicnící saothraithe agus na hoibreacha tacaíochta le linn an turais. Thar aon rud eile, áfach, ligeann tráchtaireacht an turais in éineacht le soilse, íomhánna, fuaimeanna agus suiteáin ilmheán don chuairteoir tumadh isteach in imeachtaí stairiúla Mhianach Gavorrano agus sna coinníollacha an-chrua timpeallachta agus oibre a bhí ann. Ní mór turas treoraithe a chur in áirithint. Cuirtear an costas a bhaineann leis an treoraí in áireamh sa táille iontrála.

Mianach Ravi Marchi
Suíomh seandálaíochta tionsclaíoch faoin aer is ea Ravi Marchi, agus é mar chomhlánú ar chuairt ar an iarsmalann san áiléar. Is ansin gur féidir féachaint ar shuiteálacha dromchla Mhianach Marchi a bhain le cóireáil piríte, suiteálacha a cuireadh as feidhm in 1965 ach a athchóiríodh ón am sin. Le linn an turais, tugtar léargas ar stair shaoithiúil an mhianaigh agus ar iompar agus próiseáil na méine a thochlaítí as an talamh tráth. Ní mór turas treoraithe a chur in áirithint. Cuirtear an costas a bhaineann leis an treoraí in áireamh sa táille iontrála. I dteannta na dturas treoraithe, is féidir an suíomh a úsáid le haghaidh ceardlanna oideachasúla, imeachtaí cultúrtha, léirithe amharclannaíochta, comhdhálacha agus cruinnithe faoin aer.

Na trabhairtíní agus Ard-Eaglais Massa Marittima
I gcroílár na Geopháirce, tá an baile meánaoiseach Massa Marittima ina luí ar ardchlár trabhairtín (túfa cailcreach) a foirmíodh i dtimpeallacht ársa abhann locha 130,000 bliain ó shin. Tá clocha na bhfoirgneamh stairiúil agus ballaí maorga Ard-Eaglais San Cerbone mar mheabhrú buan ar na laethanta fadó. Dála leabhar scéalta, insíonn siad gurbh ann do lochanna agus riasca a bhí breac le heasanna beaga ar mhachaire mór fairsing, a ndearnadh leiceann cnoic den timpeallacht a bhí ann le himeacht na dtréimhsí geolaíocha.

Cruinneachán laibhe Roccatederighi.
Sráidbhaile álainn meánaoiseach ina bhfeictear tithe cloiche agus sráideanna doirneogacha is ea Roccatederighi, atá ina luí ar chruinneachán laibhe a bhí beo idir 2.6 agus 2 mhilliún bliain ó shin, tráth an Phléicéinigh. Is uathúil an radharc geolaíoch atá sa chruinneachán ubhchruthach sin agus sna carraigeacha bolcánacha a múnlaíodh le caitheamh na haimsire. Ar fálróid trí na sráideanna cúnga, is féidir foghlaim faoi charraig bholcánach na riailíte ar tógadh na tithe ársa aisti agus faoin gcaoi ar mhúnlaigh fíorshníodóirí an tírdhreacha – an t-uisce agus an ghaoth – ina cruthanna aisteacha agus ina dealbha allabhracha í.

Suíomh geoiteirmeach Biancane
Suíomh uathúil geolaíoch an tírdhreach seo ar nós na gealaí, a múnlaíodh le teas a thagann aníos ó íochtar an domhain trí shéidphoill shuaithinseacha ar an dromchla chun gal a astú ag teochtaí arda (suas go 100°C).
Le linn siúlóide feadh chonairí na háite, ina léirítear fórsa an dúlra ina iomláine, bíonn an cuairteoir faoi gheasa dhathanna na gcarraigeacha “a dódh” leis an ngníomhaíocht gheoiteirmeach, agus iad i gcodarsnacht leis na cinn eile “a glanadh” le himshruthú na leachtanna hidriteirmeacha as ar tháinig an t-ainm “Biancane”. Ar an tslí, is féidir breathnú ar fhoirmiú na gcriostal sulfair, éisteacht le huisce lábach an locha ag plobarnach le gal a thagann aníos ón talamh agus taitneamh a bhaint as tírdhreacha mórthaibhseacha.

Cairéil alúiníte Poggio Speranzona.
Fianaise ar dhianmhianadóireacht na halúiníte – is é sin, an tsulfáit potaisiam alúmanaim – ón 15ú haois go dtí an 19ú haois is ea na cairéil seo i gcroílár an fhásaigh. Spreagadh spéis nach beag sa mhianra sin de thairbhe na bhfeidhmeanna a bhíodh leis in earnálacha éagsúla, idir thonnleasú an leathair agus an leigheas. Téann an suíomh geolaíoch go mór i bhfeidhm ar an gcuairteoir de bharr na codarsnachta idir dathanna beoga na gcarraigeacha breac-chlaochlaithe agus an mhian gheal bhán. Tá flúirse na gcairéal dromchla agus na n-áiléar, arb iontach an mhéid atá i roinnt acu, mar chruthúnas, uair amháin eile, ar an inniúlacht a bhíodh sna mianadóirí fadó.

Mianaigh agus cairéil Poggio Mutti e le Cornate di Gerfalco.
Feadh chuarbhealach Poggio Mutti atá thart ar 2 km ar fad, déanann an cuairteoir taiscéalaíocht ar na pluaiseanna mianaigh a tochlaíodh isteach i gcroí na cré. Fianaise is ea iad sin ar a eolaí a bhíodh na mianadóirí ar an dúlra agus acmhainní na fo-ithreach, mar aon lena gcuid seiftiúlachta agus inniúlachta i mbaint na mianraí agus iad ar thóir airgid chun boinn a bhualadh.
Is ar bhealach atá thart ar 2.5 km a insítear an scéal faoi rilíf Cornate di Gerfalco, arb í is airde i measc Colline Metallifere agus a bhfuil a carraigeacha mar fhinnéithe balbha ar na teagmhais gheolaíocha a tharla na milliúin blianta ó shin. Is féidir “teagmháil” leis na fórsaí lenar cruthaíodh í, breathnú ar sheanteicnící na mianadóirí lena gcur i gcomparáid le taighde mianadóireachta an lae inniu agus lán na súl a bhaint as na cairéil mhaorga atá déanta d’aolchloch amóiníte deirge – an t-ábhar céanna as a ndearnadh clúdach sciamhach Ard-Eaglais Siena – i measc an dúlra gan mhilleadh agus na dtírdhreach fíorálainn.

Cuan piríte Terra Rossa agus Cala Violina
Cuas beag i lár dhá cheann tíre is ea Cala Violina, a bhfuil cáil air de bharr a ghainimh ghléigil a dtagann fuaim ar nós an veidhlín as nuair a shiúltar anuas air nó nuair a chuimlítear é. An feiniméan sin, a bhfuair an suíomh a ainm as, tá sé mar thoradh ar chomhdhéanamh an ghainimh atá beagnach go hiomlán ina ghráinní grianchloiche. Faoi urchar méaróige den áit dhraíochtach sin, is féidir taitneamh a bhaint as sampla iontach den tseandálaíocht thionsclaíoch: Terra Rossa, iarsmalann faoin aer inar fágadh an t-am ina staic. In iarsmaí an bhealaigh cábla, arbh é an ceann ba mhó san Eoraip tráth, lena gceanglaítí na mianaigh intíre leis an gcalafort, le cois na sadhlann, na dtollán agus na gclós tréigthe, insítear scéal faoi éacht tionsclaíochta lenar múnlaíodh críoch na Páirce sa chéad seo caite. Is san áit sin a thagann an dúlra agus an stair le chéile i dtírdhreach allabhrach meallacach.
Eolas Praiticiúil
Tabhair cuairt ar an bPáirc:
- Na Bealaí Isteach chun na Páirce
- Déan teagmháil le Treoraithe na Páirce trí rphost a sheoladh chuig: [email protected]
- Turas féintreoraithe i gcomhréir le rialacha iompraíochta na Páirce agus an aip rianaithe (Colline Metallifere Outdoor)
- Eispéireas éiceathurasóireachta is féidir a chur in áirithint ar líne ag www.visitmaremma.net
Le teacht ann:
Taisteal glas chun astaíochtaí a laghdú
Más mian leat do thionchar timpeallachta a laghdú, molaimid duit teacht chugainn ar an traein nó an rothar.
Bronntar teastas éicithiomána ar na tiománaithe go léir tar éis dóibh oiliúint a chur i gcrích trí mhodh Eco2Trainer®, tionscnamh de chuid Fhondúireacht na Forbartha Inbhuanaithe. A bhuí le teicníc na heicithiomána, déantar laghdú idir 5% agus 20% ar astaíochtaí truaillitheacha gás ceaptha teasa.
Le carr
Ón Róimh
Tóg SS 1 Aurelia agus lean ar aghaidh ar mhótarbhealach A12 i dtreo Civitavecchia, ansin tóg SS 1 Aurelia i dtreo Grosseto go sroichfidh tú na bealaí amach chun Giuncarico, Gavorrano, Scarlino agus Follonica.
Ó Fhlórans
Tóg mótarbhealach A1 Autostrada del Sole, glac an bealach amach ag Firenze Certosa, tóg mótarbhealach Firenze–Siena i dtreo Grosseto, lean ar aghaidh ar bhóthar SS 223 i dtreo Grosseto Nord–Castiglione della Pescaia, lean ar aghaidh ar SS 1 Aurelia go sroichfidh tú na bealaí amach chun Giuncarico, Gavorrano, Scarlino agus Follonica.
Ó Livorno
Tóg mótarbhealach A12, glac an bealach amach ag Rosignano agus lean ar aghaidh feadh SS 1 Aurelia go sroichfidh tú na bealaí amach chun Giuncarico, Gavorrano, Scarlino agus Follonica.
Ar an Traein
Is é Follonica an stáisiún traenach is áisiúla.
Ar Eitleáne
Aerfort Pisa (thart ar 129 km ó thuaidh)
Aerfort Fhlórans (thart ar 186 km ó thuaidh)
Aerfort Fiumicino na Róimhe (thart ar 214 km ó dheas)
